Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le roinnt eagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge, ag dréachtú Plean Teanga do Chontae Dhún na nGall. Beidh sé de chuspóir ag an phlean seo borradh úr a chur faoi úsáid na Gaeilge in achan ghné den tsaol laethúil ar fud Chontae Dhún na nGall sna blianta amach romhainn.
Tá an Chomhairle agus ár gcuid Páirtnéirí, ag reáchtáil sraith Cruinnithe Poiblí mar ar fud an chontae sna trí seachtaine amach romhainn. Is é a bheas i gceist leis an Chruinniú Poiblí ná Cur i Láthair 30 bomaite, agus Ceardlann ina dhiaidh le moltaí agus tuairimí a phlé agus a bhailiú. Tá sonraí i dtaca leis na cruinnithe ar fáil ag www.donegalcoco.ie
Is féidir leat do thuairim agus moltaí a chur isteach don phlean seo fosta trí aighneacht scríofa a chur chuig: Plean Teanga 2016-2022, Oifig na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Contae Dhún na nGall, nó trí ríomhphost chuig: [email protected], roimh An Aoine, 10 Meitheamh 2016.
Beidh suirbhé ar líne ar fail an tseachtain seo chugainn fosta ar www.donegalcoco.ie.